Céard iad na frasaí is coitianta i nGaeilge? Tá na frásaí seo ar eolas againn ar fad. Cloistear iad agus feictear iad gach lá, ach corr uair ní thugann muid aird ar bith daofa. Fáilte, Dia duit, Go raibh maith agat, Slán. Cloistear na frásaí seo ar an raidió, feictear iad ar líne, cloistear iad i gcomhrá, agus úsáideann comhlachtaí ar fud na hÉireann iad. Más rud é go bhfuil na frásaí seo ar eolas againn ar fad, cén fáth nach n-úsáideann muid iad go laethúil?

Deirtear gur teanga marbh í an Ghaeilge agus nach labhraíonn éinne í, gur abhar scoile amháin í agus nach n-úsáidtear í sa ghnáth saol. Is é an aidhm atá againn ná é seo a athrú. Ba mhaith linn muintir Cólaiste Ollscoile Baile Átha Cliath a spreagadh chun na frásaí bunúsacha seo a úsáid agus iad a bheadh acu mar pháirt den ghnáth caint i saol s’acu. Tá muid ag díreadh, ach go háirithe, ar na leachtóirí, na hollúna, na teagascóirí agus na meantóirí chun na frásaí seo a úsáid. Gach lá bíonn na daoine seo ag teagasc na céadta duine. Tá tionchar ollmhór acu ar dáltaí s’acu. Más rud é go raibh leachtóir amháin ag gach dálta i gCOBÁC gur chur tús leis an rang le frása ar nós, “Dia dhaoibh”, nó, “Fáilte chuig an rang”, bheadh breis is 30,000 duine eile in Éirinn (líon na ndáltaí i gCOBÁC) ag cloisteal na Gaeilge go laethúil.

Cárta Phrásaí

Más rud é gur lean seo ar aghaidh agus bhí leachtóir amháin, no beirt, nó fíu níos mó ná sin ag labhairt as Gaeilge leo gach lá, bheadh an Ghaeilge mar ghnáth páirt de saol na ndáltaí agus ní bheadh iontas orthu í a chloisteal. Dá gcuirfeadh an ceist orthu, “An gcloiseann tú Gaeilge go laethúil?”, deirfeadh siad, “Cloisim!”. Nach mbeadh sé ar fheabhas más rud é go raibh 30,000 duine sa bhreis in Éirinn ag cloisteal Gaeilge gach uile lá? Mar gheall go mbeadh na frásaí seo a gcloisteal acu gach lá, tá súil againn go dtosóidh siad ag úsáid iad iad féin. Nuair a bheadh siad ag buaileadh le cairde s’acu ag am lóin go ndeirfeadh siad “Dia dhaoibh”, nuair a bheadh siad ag fagáil na saotharlainne go ndeirfeadh siad “Go raibh maith agat” leis an teicneoir saotharlainne, agus nuair a bheadh siad ag obair ina bpoist páirt aimseartha go ndeirfeadh siad “Fáilte romhat” nuair a ghabhaidís buíochas leo.

Ba mhaith linn gach ball de COBÁC, idir daltaí agus fhoireann na hollscoile, chun na frásaí seo a úsáid, gan aon bhuairt a bheith orthu má dhéanann siad botún agus chun glacadh leis an smaoineamh (is fíric é i ndáiríre) gur féidir leis an Ghaeilge a bheith mar pháirt den gháth saol agus nach rud don seomra ranga amháin atá inti agus nach ndéanann muid glan dearmad fuithi nauir a fhagann muid an mhéanscoil. Le chéile, is féidir linn tionchar maith a bheith againn ar tuairimi daoine faoin Ghaeilge agus is féidir linn an aitheantas agus an meas a thabhairt di atá tuilte aici.