Bunreacht

AN BUNREACHT

Ainm, Aidhm agus Cuspóir an Chumainn

Airteagal 1

Ainm an chumainn ná An Cumann Gaelach.

Airteagal 2
Aidhm an Chumainn ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus a bheith páirteach i ngluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne. Tá an Cumann Gaelach ann le freastal ar Ghaelgóirí na hOllscoile trí ócáidí agus cruinnithe a eagrú agus a reáchtáil go rialta.

Airteagal 3
Is í an Ghaeilge teanga an Chumainn agus ní mór ócáidí, cruinnithe agus gnó an Chumainn a reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Áirítear an litríocht, an t-oideachas, agus an díospóireacht mar ghnéithe eile den Chumann.

Airteagal 4
Ba chóir go mbeadh siombail an Chumainn as Gaeilge amháin.

Airteagal 5
Is cumann neamhpholaitiúil é an Cumann Gaelach ach i leith na Gaeilge.

Baill an Chumainn

Airteagal 6
Gach aon duine a chláraíonn leis an gcumann agus a íocann síntiús, is baill iad.

Airteagal 7
Beidh méid an síntiúis roghnaithe ag Oifigeach na gCumann, Coláiste na hOllscoile i gcomhar leis an Reachtaire.

Airteagal 8
Tá Rúnaí an Chumainn i gceannas ar an mballraíocht agus beidh sé/sí freagrach as an gclár ballraíochta.

An Reachtaire

Airteagal 9
Beidh Reachtaire i gceannas ar an gCumann Gaelach. Beidh tosach aige/aici ar gach uile dhuine san Chumann, agus ní foláir dó/di na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Reachtaire leis an mBunreacht seo agus le rialacha na hOllscoile a oibriú agus a chomhlíonadh.

Airteagal 10
Le vóta lom-díreach na mball a thoghfar an reachtaire.

Airteagal 11
Is le rúnbhallóid a dhéanfar an vótáil

Airteagal 12
Beidh an Reachtaire i seilbh oifige go ceann bliana ón lá a rachaidh i gcúram a oifige/a hoifige mura dtarlaí roimh dheireadh an téarma sin go n-éireoidh as oifig nó go gcuirtear as oifig é/í.

Airteagal 13
Ní foláir toghchán don Reachtaireacht a dhéanamh lá nach ndéanaí ná dáta dheireadh théarma oifige gach Reachtaire ar leith agus nach luaithe ná tríocha lá roimh an dáta sin, ach má chuirtear an Reachtaire as oifig nó é d’éirí, ní foláir toghchán don Reachtaireacht a dhéanamh taobh istigh de fhiche lá tar éis an ní sin a tharlú.

Airteagal 14
Le breith intofa mar Reachtaire is gá do dhuine; bheith mar bhall ar feadh sé mhí ar a laghad; agus tar éis freastail ar thrí imeacht ar a laghad agus baint a bheith aige/aici le heagrú ceann amháin acu sin. Sa chás gur lú ná trí imeacht a bhí ag an gCumann sa bhliain reatha, níl an tAirteagal seo i bhfeidhm.

Airteagal 15
Gach iarrthóir don Reachtaireacht is uathu seo a leanas nach foláir a ainmniú a theacht: fiche cúig duine ar a laghad agus gach duine faoi leith díobh sin ina chomhalta den Chumann Gaelach. Is gá d’iarrthóirí a leithéid a dhéanamh agus a chríochnú ar a laghad seachtain roimh an gCruinniú Ginearálta.

Airteagal 16
Ní cead d’aon duine díobh sin bheith páirteach in ainmniú breis is aon iarrthóir amháin don Reachtaireacht san aon-toghchán.

Airteagal 17
Faoi chuimsiú forálacha an Airteagail seo is le hOifigeach Thoghchán an Chumainn a rialófar toghcháin d’oifig an Reachtaire. Roghnóidh an Reachtaire an tOifigeach Toghcháin as baill nó iarbhaill an Chumainn le lán-tacaíocht na n-iarrthóirí agus dhá thrian de Choiste an Chumainn Ghaelaigh.

Airteagal 18
Níl cead ag an Reachtaire a bheith mar reachtaire nó captaen ar aon chumann eile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath nó a bheith mar oifigeach in aon aontas i gcóir mac léinn.

Airteagal 19
Ní foláir don Reachtaire dul i gcúram a oifige nó a hoifige chomh luath agus is féidir é tar éis é a thoghadh.

Airteagal 20
Féadfar an Reachtaire a tháinseamh as ucht mí-iompair a luafar. Is gá sínithe scríofa ó aon deichiú de bhallraíocht a bhailiú chun an Reachtaire a chúiseamh. Nuair atá a leithéid de chúiseamh déanta, rachaidh an Reachtaire os comhair coiste de triúir; An Cisteoir Sinsearach, ball foirne eile neodrach agus ionadaí ó Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Déanfaidh an coiste seo iniúchadh ar an gcúiseamh agus tá sé de cheart acu an Reachtaire a bhriseadh den phost. Sa chás seo, is gá toghchán don Reachtaire nua a bheidh ann laistigh de 21 lá.

Airteagal 21
Tá cead ag an Reachtaire aon bhall a chur den chumann ná a chur ar fionraí.

An Coiste

Airteagal 22
Beidh coiste ann a chabhróidh leis an Reachtaire spriocanna an bhunreachta seo agus spriocanna an chumainn a bhaint amach.

Airteagal 23
Mórsheisear ar a laghad, agus seisear dhuine dhéag ar a mhéid, líon comhaltaí an Choiste, agus is é/í an Reachtaire a cheapfas na comhaltaí sin de réir fhorálacha an Bhunreachta seo.

Airteagal 24
Beidh Rúnaí ar an gCoiste. Beidh an Rúnaí i gceannas ar bhallraíocht de réir Airteagail 8 agus beidh an Rúnaí i gceannas ar mhiontuairiscí an Chumainn a thaifead. In éindí lena freagrachtaí seo, beidh an Rúnaí i gceannas ar chruinnithe an Choiste a eagrú faoi stiúir an Reachtaire.

Airteagal 25
Beidh Cisteoir ar an gCoiste. Coimeádfaidh an Cisteoir cuntais airgid an Chumainn, faoi stiúir an Reachtaire. Tá an bheirt seo freagrach as mhaoiniú agus airgead an Chumainn agus is gá don bheirt cloígh le rialacha atá leagtha síos ag an Ollscoil maidir lena cumainn.

Airteagal 26
Beidh Cisteoir Sinsearach ag an gcumann. Ball foirne a bheidh ann a dhéanfaidh feighlíocht ar an gCisteoir agus ar an Reachtaire ó thaobh chúrsaí airgid.

Airteagal 27
Beidh ionadaí ó Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge COBÁC ar an gCoiste.

Airteagal 28
Beidh Oifigeach na Gaeilge ó Aontas na Mac Léinn, COBÁC ar an gCoiste.

Airteagal 29
I gcás asláithreachas an Reachtaire, tá an dualgas air/uirthi fear/bean ionad a cheapadh ó Choiste an Chumainn Ghaelaigh

Airteagal 30
Is gá don Choiste cruinniú amháin a eagrú ar a laghad uair amháin sa mhí i rith na bliana acadúla.

Cruinniú Ginearálta Bliantúil

Airteagal 31
Beidh Cruinniú Ginearálta Bliantúil (CGB) ag an gCumann gach bliain, eagraithe ag Rúnaí an Chumainn, le ar a laghad coicís de fhógraíocht roimh ré. Beidh Reachtaire an Chumainn mar Chathaoirleach ann. Ag an gcruinniú, is gá tuairisc an Rúnaí, tuairisc an Chisteora agus tuairisc an Reachtaire a chur os comhair na mball.

Airteagal 32
Más gá vóta a thógáil ag an gCruinniú, beidh sé seo faoi fheighlíocht an Oifigigh a roghnaítear faoi Airteagal 17.

Airteagal 33
Is gá go mbeadh ar a laghad cúigear déag ag freastal ar an CBG. Mura bhfuil an méid seo, cuirfear an cruinniú ar ceal.

Cruinniú Ginearálta Éigeandála

Airteagal 34
Is féidir Cruinniú Ginearálta Éigeandála chun gnó an cumainn a phlé lena baill má tá 25 sínithe scríofa bailithe agus dhá thrian den Choiste i bhfabhar. Is gá fógraíocht phoiblí a thabhairt ar a laghad 7 lá roimh ré. Rialófar an cruinniú cosúil leis an gCGB.

Gradaim an Chumainn

Airteagal 35
Beidh Bonn Óir an Chumainn Ghaelaigh ann. Bronnfar an gradam seo ar an mball a rinne an iarracht is mó an Ghaeilge a chur chun cinn i rith na bliana acadúla. Déanfaidh an Reachtaire an cinneadh seo. Níl cead ag an Reachtaire an bonn a bhronnadh air/uirthi féin.

Airteagal 36
Is féidir Ballraíocht Saoil a bhronnadh ar dhuine a bhain éacht amach taobh amuigh den Chumann. Is gá go mbeadh tacaíocht ó thromlach an Choiste.

An Bunreacht

Airteagal 37
Tá an Bunreacht seo i bhfeidhm ó __________ ar aghaidh. Ba chóir téacs an Bhunreachta a chur ar fáil do bhaill an Chumainn má iarrtar a leithéid a dhéanamh.
Airteagal 38
Tá sé mar dhualgas ar an Reachtaire an Bunreacht seo a chosaint agus a leanúint. Mura bhfuil an méid seo á dhéanamh aige/aici , na chóir na treoracha in Airteagal 20 a leanúint.

An Bunreacht a leasú

Airteagal 39
Is féidir leasú don Bhunreacht a mholadh trí 25 sínithe scríofa a bhailiú. Is gá go mbeadh moltóir agus cuiditheoir don rún. Pléifear a leithéid de leasú ag Cruinniú Ginearálta. Is gá go mbeadh tromlach na mball ag an gCruinniú i bhfabhar leasaithe.